X
Múinteoirí 2025
Folúntas do Mhúinteoirí Bunscoile agus do Mhúinteoirí Meánscoile ar chúrsaí Samhraidh Gaeilge! An bhfuil spéis agat obair ar fhoireann spreagúil, bhríomhar, atá paiseanta faoin nGaeilge? Tar ag obair le Coláiste na bhFiann! Níl ort ach an fhoirm thíos a líonadh le do spéis a léiriú! …
Ullmhúchán don Ardteistiméireacht 2025
Tá cúrsa Ullmhúchán don Ardteistiméireacht ar ais i nDroim rí i mbliana ag díriú ar an mBéaltriail agus Cluastuiscint. Cathain: 10r.n. - 5i.n. Dé Sathairn, 29 Márta 2025 Cén áit: Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí A85 K221 Ag clúdú: Dian rang Gramadaí, An Bhéaltriail, Léamh na Filíochta, Sraith Pictiúr, Béaltriail bhréige agus Aiseolas (Oiriúnach…
Carnabhal na nGaelscoileanna Is turas scoile é Carnabhal na nGaelscoileanna, do pháistí Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.   Tugann Carnabhal na nGaelscoileanna deis do dhaltaí scoile, bualadh le daltaí ó Ghaelscoileanna eile ar thuras a eagraítear go hiomlán tré mhéan na Gaeilge. Is deis iontach í seo, labhairt na Gaeilge a normalú do bhur ndaltaí, lasmuigh den…

Óg Chlubanna Oscailte Arís

Cumann na bhFiann – Gréasán Óg-Chlubanna

Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír. Eagraítear Óg-Chlubanna Gaeilge seachtainiúla, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag leibhéal sóisialta. Is é an toradh air seo ná go mbíonn cairde nua le Gaeilge sa cheantar agus ar fud na tíre ag na daoine óga.

 

Óg-Chlubanna

Eagraíonn Cumann na bhFiann Óg-Chlubanna éagsúla i hallaí áitiúla, ar fud an oileáin. Chomh maith leis sin eagraítear méid áirithe Clubanna Fíorúla (ar líne).

Cé dó na Clubanna? Tá na Clubanna seo oscailte do dhaoine san aoisghrúpa 10-18 bl. d’aois.

Cathain a bhíonn siad ar siúl? Bíonn na clubanna ar siúl gach seachtain ó Mheán Fómhair go dtí an Cháisc.

Cén aoisghrúpa a fhreastalaíonn ar na Clubanna? Tá clubanna ar fáil do dhá aoisghrúpa éagsúil: ‘Óg’ dírithe ar pháistí bunscoile san aoisghrúpa 10-13, agus ‘Sean’ dírithe ar dhaltaí meánscoile san aoisghrúpa 13-18.

Cén costas atá ar na Clubanna? Tá costas €40 ar bhallraíocht bhliantúil le Cumann na bhFiann. Clúdaíonn an costas seo freastal seachtainiúil ar Chlubanna Áitiúla, nó Clubanna Fíorúla, agus laghdú ar chostas na dturas i rith na bliana.

Conas is féidir liom áit a chur in áirithe sa Chlub áitiúil? Cláraigh linn nó logáil isteach chun áit a chur in áirithe i do chlub áitiúil

Cá mbíonn na Clubanna ar siúl? Tá an liosta is déanaí le gach eolas ábharthach thíos (beidh uasdátú á dhéanamh de réir a chéile ar an liosta seo).

  • Tabhair faoi deara go bhfuil ár gclubanna san Uaimh agus Droim Seanbhó anois lán, is féidir áit a ghlacadh ar an liosta feitheamh trí ríomhphost a sheoladh chuig clubanna@cnb.ie


Roinnt cúiseanna maithe le freastal ar Chumann na bhFiann

  • Maoirseacht shármhaith​
  • Clubanna á n-eagrú i dtimpeallacht shábháilte​
  • Raon leathan gníomhaíochtaí​
  • Foireann thiomanta ar mhian leo cabhrú le na baill​
  • Córas cinnireachta trína ndéantar mic léinn a spreagadh chun freagrachtaí a ghlacadh​
  • Deis an Ghaeilge a labhairt ar bhonn rialta​

Má tá aon cheist agat faoi na clubanna téigh i dteagmháil linn ag clubanna@cnb.ie

CNB.ie:
Related Post