X
Óg Chlubanna Oscailte Arís
Cumann na bhFiann – Gréasán Óg-Chlubanna Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír. Eagraítear Óg-Chlubanna Gaeilge seachtainiúla, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag…
Turas na n-Óg 2025
Reáchtálfar Turas na nÓg chuig Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí Co. na Mí ar an Satharn 22/03/2025, 11am - 3pm, Táille: €25 . Cuirfear fáilte roimh bhaill reatha na gclubanna óige (Aois 10-14) chuig an ócáid. Cuirfear busanna ar fáil ó na háiteanna seo a leanas ach dóthain éilimh a bheith orthu: - Ráth…
Múinteoirí 2025
Folúntas do Mhúinteoirí Bunscoile agus do Mhúinteoirí Meánscoile ar chúrsaí Samhraidh Gaeilge! An bhfuil spéis agat obair ar fhoireann spreagúil, bhríomhar, atá paiseanta faoin nGaeilge? Tar ag obair le Coláiste na bhFiann! Níl ort ach an fhoirm thíos a líonadh le do spéis a léiriú! …

Clubanna Fíorúla ag atosú!

Ó dhún na clubanna óige seachtainiúla go luath i mí an Mhárta 2020 mar gheall ar COVID-19, tá Clubanna Fíorúla eagraithe againn ar líne le 38 gClub seachtainiúil ar siúl i rith 2021. Ón aiseolas atá faighte, is léir gur éirigh go hiontach leis na Clubanna Fíorúla seo, ag tabhairt an deis do dhaoine óga a chuid Gaeilge labhartha a chleachtadh le linn tréimhse nuair nach bhféadfaí é a dhéanamh ar scoil. Gan dabht is tríd an Ghaeilge a labhairt go rialta an bealach is éifeachtaí le bheith líofa agus muiníneach sa teanga. Tá ár gClubanna Fíorúla dírithe ar aoisghrúpaí éagsúla (10-12, 13-15, 16-18) agus tá na huimhreacha teoranta chun rannpháirtíocht iomlán gach duine a chinntiú. Tá an-áthas orainn a bheith ag seoladh ár gClárúchán don chéad téarma eile, Meán Fómhair go Nollaig 2021.

Categories: Cumann na bhFiann
CNB.ie:
Related Post