X
Óg Chlubanna Oscailte Arís
Cumann na bhFiann – Gréasán Óg-Chlubanna Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír. Eagraítear Óg-Chlubanna Gaeilge seachtainiúla, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag…
Turas na n-Óg 2025
Reáchtálfar Turas na nÓg chuig Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí Co. na Mí ar an Satharn 22/03/2025, 11am - 3pm, Táille: €25 . Cuirfear fáilte roimh bhaill reatha na gclubanna óige (Aois 10-14) chuig an ócáid. Cuirfear busanna ar fáil ó na háiteanna seo a leanas ach dóthain éilimh a bheith orthu: - Ráth…
Múinteoirí 2025
Folúntas do Mhúinteoirí Bunscoile agus do Mhúinteoirí Meánscoile ar chúrsaí Samhraidh Gaeilge! An bhfuil spéis agat obair ar fhoireann spreagúil, bhríomhar, atá paiseanta faoin nGaeilge? Tar ag obair le Coláiste na bhFiann! Níl ort ach an fhoirm thíos a líonadh le do spéis a léiriú! …

Turas na n-Óg 2024

Reáchtálfar Turas na nÓg chuig Feirm Causey i nGreallaigh, Co. na Mí ar an Satharn 23/03/2024. Cuirfear fáilte roimh bhaill reatha na gclubanna óige (Aois 10-14) chuig an ócáid. Is é an costas €23 an páiste agus clúdaíonn seo an taisteal agus na himeachtaí go léir.

Cuirfear busanna ar fáil ó na háiteanna seo a leanas ach dóthain éilimh a bheith orthu:

Baile Átha Cliath

An Mhí

An Longfort

An Iarmhí

An Cabhán

Liatroma

Cill Chainnigh

Cill Dara

An Mhumhain

Cuirfear clár ama na mbusanna ar fáil tar éis dúinn na hiarratais a fháil. Beidh ionadaithe de chuid Chumann na bhFiann leis na páistí ar na busanna uile agus beidh siad leo ag gach aon imeacht i rith an lae. Le háit a chur in áirithe ar an turas seo, ní gá ach an fhoirm iarratais ag an nasc thuas a líonadh.

Bainisteoir an Lae: Liam Ó hEidhin (liam@cnb.ie)

Barra Mac Thiarnáin:
Related Post