X
Múinteoirí 2025
Folúntas do Mhúinteoirí Bunscoile agus do Mhúinteoirí Meánscoile ar chúrsaí Samhraidh Gaeilge! An bhfuil spéis agat obair ar fhoireann spreagúil, bhríomhar, atá paiseanta faoin nGaeilge? Tar ag obair le Coláiste na bhFiann! Níl ort ach an fhoirm thíos a líonadh le do spéis a léiriú! …
Ullmhúchán don Ardteistiméireacht 2025
Tá cúrsa Ullmhúchán don Ardteistiméireacht ar ais i nDroim rí i mbliana ag díriú ar an mBéaltriail agus Cluastuiscint. Cathain: 10r.n. - 5i.n. Dé Sathairn, 29 Márta 2025 Cén áit: Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí A85 K221 Ag clúdú: Dian rang Gramadaí, An Bhéaltriail, Léamh na Filíochta, Sraith Pictiúr, Béaltriail bhréige agus Aiseolas (Oiriúnach…
Carnabhal na nGaelscoileanna Is turas scoile é Carnabhal na nGaelscoileanna, do pháistí Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.   Tugann Carnabhal na nGaelscoileanna deis do dhaltaí scoile, bualadh le daltaí ó Ghaelscoileanna eile ar thuras a eagraítear go hiomlán tré mhéan na Gaeilge. Is deis iontach í seo, labhairt na Gaeilge a normalú do bhur ndaltaí, lasmuigh den…

Traenáil ar líne d’Oibrithe Óige!

Traenáil ar líne d’Oibrithe Óige! I Mí Mheán Fómhair, reáchtáil Cumann na bhFiann tuilleadh Seimineár Feighlíochta ar líne d’Oibrithe Óige. I measc na n-ábhar a pléadh bhí, oiliúint ó thaobh cúrsaí cosaint leanaí de, bealaí leis na baill a spreagadh sna clubanna, agus dea chleachtais i dtaobh sábháilteachta de ach go háirithe i gcomhthéacs Covid-19. Rachaidh na Feighlithe seo i mbun Clubanna Fíorúla agus Clubanna Áitiúla a stiúradh, chomh maith le bheith ag cuidiú le himeachtaí i rith na bliana!

An aithníonn tú duine ar bith?

Barra Mac Thiarnáin:
Related Post