X
Turas na n-Óg 2025
Reáchtálfar Turas na nÓg chuig Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí Co. na Mí ar an Satharn 22/03/2025, 11am - 3pm, Táille: €25 . Cuirfear fáilte roimh bhaill reatha na gclubanna óige (Aois 10-14) chuig an ócáid. Cuirfear busanna ar fáil ó na háiteanna seo a leanas ach dóthain éilimh a bheith orthu: - Ráth…
Múinteoirí 2025
Folúntas do Mhúinteoirí Bunscoile agus do Mhúinteoirí Meánscoile ar chúrsaí Samhraidh Gaeilge! An bhfuil spéis agat obair ar fhoireann spreagúil, bhríomhar, atá paiseanta faoin nGaeilge? Tar ag obair le Coláiste na bhFiann! Níl ort ach an fhoirm thíos a líonadh le do spéis a léiriú! …
Ullmhúchán don Ardteistiméireacht 2025
Tá cúrsa Ullmhúchán don Ardteistiméireacht ar ais i nDroim rí i mbliana ag díriú ar an mBéaltriail agus Cluastuiscint. Cathain: 10r.n. - 5i.n. Dé Sathairn, 29 Márta 2025 Cén áit: Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí A85 K221 Ag clúdú: Dian rang Gramadaí, An Bhéaltriail, Léamh na Filíochta, Sraith Pictiúr, Béaltriail bhréige agus Aiseolas (Oiriúnach…

Tóstal na bhFiann 2024

Teacht le chéile oifigiúil agus lá spraoi atá i gceist le Tóstal na bhFiann. Ar an lá bíonn ceiliúradh mór ar an méid atá bainte amach i rith an tsamhraidh. Chomh maith leis sin déantar seoladh oifigiúil ar imeachtaí an gheimhridh de chuid Chumann na bhFiann. Tugann sé deis do dhaoine óga bualadh lena gcairde arís i dtimpeallacht Ghaeilge. Eagraítear imeachtaí éagsúla ar an lá: trampailín buinsí, boghdóireacht, beárbaiciú, comórtais, cairtíneacht, agus céilí.

Is é €10 an duine óig an costas ar an lá agus clúdaíonn sé sin an taisteal agus na himeachtaí go léir. Cuirfear clár ama na mbusanna ar fáil tar éis dúinn na hiarratais a fháil. Beidh ionadaithe de chuid Chumann na bhFiann leis na daltaí ar na busanna uile agus beidh siad leo ag gach aon imeacht i rith an lae. Le háit a chur in áirithe ar an turas seo, ní gá ach an fhoirm iarratais ag an nasc thíos a líonadh.

 

Barra Mac Thiarnáin:
Related Post