X
Óg Chlubanna Oscailte Arís
Cumann na bhFiann – Gréasán Óg-Chlubanna Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír. Eagraítear Óg-Chlubanna Gaeilge seachtainiúla, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag…
Turas na n-Óg 2025
Reáchtálfar Turas na nÓg chuig Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí Co. na Mí ar an Satharn 22/03/2025, 11am - 3pm, Táille: €25 . Cuirfear fáilte roimh bhaill reatha na gclubanna óige (Aois 10-14) chuig an ócáid. Cuirfear busanna ar fáil ó na háiteanna seo a leanas ach dóthain éilimh a bheith orthu: - Ráth…
Múinteoirí 2025
Folúntas do Mhúinteoirí Bunscoile agus do Mhúinteoirí Meánscoile ar chúrsaí Samhraidh Gaeilge! An bhfuil spéis agat obair ar fhoireann spreagúil, bhríomhar, atá paiseanta faoin nGaeilge? Tar ag obair le Coláiste na bhFiann! Níl ort ach an fhoirm thíos a líonadh le do spéis a léiriú! …

FOIREANN

FOIREANN

Bí i d’Oibrí Óige

Feighlithe

Go minic, is iar-mhic léinn a bhíonn sna feighlithe, Cinnirí agus Ardchinnirí a oibríonn ar bhonn páirtaimseartha leis na clubanna óige agus imeachtaí do Chumann na bhFiann. De ghnáth bíonn siad ag obair le reáchtáil an chlub sheachtainiúil ina gceantar féin ach feadtar go mbíonn siad rannpháirteach freisin i bpleanáil agus i reáchtáil imeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta, agus i bhfoireann a sholáthar dár dturais scoile.

Is é Feighlí Ceannais an teideal ar an duine a bhíonn i gceannas an chlub. Tá na Cinnirí, Ardchinnirí, Múinteoirí agus Bainisteoirí atá 18 mbliana d’aois ar a laghad i dteideal iarratas a chur isteach ar Fheighlíocht. Má bhíonn spéis ag aon duine eile bheith ina Fheighlí, is féidir leis sin a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh leis an gCeannoifig. Freastalaíonn gach Feighlí ar chúrsa oiliúna roimh oscailt na gclubanna agus déantar na hiarratasóirí is oiriúnaí a roghnú chun na clubanna a reáchtáil i rith na bliana.

Tuairiscíonn na Feighlithe uile don Cheannoifig ar bhonn seachtainiúil agus tá struchtúr tacaíochta i bhfeidhm dóibh má theastaíonn sé uathu ag am ar bith.

Má tá suim agat a bheith ar painéal Feighlithe ní gá ach an fhoirm thíos a líonadh agus beidh muid i dteagmháil leat faoin gcéad chúrsa eile!

Iarratas Foirne: Feighlí

 

Categories: Cumann na bhFiann
CNB.ie:
Related Post