X
Múinteoirí 2025
Folúntas do Mhúinteoirí Bunscoile agus do Mhúinteoirí Meánscoile ar chúrsaí Samhraidh Gaeilge! An bhfuil spéis agat obair ar fhoireann spreagúil, bhríomhar, atá paiseanta faoin nGaeilge? Tar ag obair le Coláiste na bhFiann! Níl ort ach an fhoirm thíos a líonadh le do spéis a léiriú! …
Ullmhúchán don Ardteistiméireacht 2025
Tá cúrsa Ullmhúchán don Ardteistiméireacht ar ais i nDroim rí i mbliana ag díriú ar an mBéaltriail agus Cluastuiscint. Cathain: 10r.n. - 5i.n. Dé Sathairn, 29 Márta 2025 Cén áit: Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí A85 K221 Ag clúdú: Dian rang Gramadaí, An Bhéaltriail, Léamh na Filíochta, Sraith Pictiúr, Béaltriail bhréige agus Aiseolas (Oiriúnach…
Carnabhal na nGaelscoileanna Is turas scoile é Carnabhal na nGaelscoileanna, do pháistí Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.   Tugann Carnabhal na nGaelscoileanna deis do dhaltaí scoile, bualadh le daltaí ó Ghaelscoileanna eile ar thuras a eagraítear go hiomlán tré mhéan na Gaeilge. Is deis iontach í seo, labhairt na Gaeilge a normalú do bhur ndaltaí, lasmuigh den…

Turas Scoile

Turais Scoile

Ag Ionad Óige na hÉireann is í ár n-aidhm timpeallacht a chruthú do dhaoine óga chun an Ghaeilge a chomhtháthú lena saol ar bhealach nádúrtha, lasmuigh de struchtúr na scoile agus ar an mbealach sin an Ghaeilge a dhéanamh ina fíortheanga bheo. Reachtáiltear na gníomhaíochtaí uile san ionad trí mheán na Gaeilge ar feadh an ama. Déantar na gníomhaíochtaí sin a reáchtáil ar an gcaighdeán is airde agus ar an mbealach sin cuirtear muinín sa teanga labhartha chun cinn.

Ár Saoráidí

  •       Toilleadh leapacha – 160 mac léinn agus seomraí en suite do mhúinteoirí​
  •       Proinnteach​
  •       Halla Spóirt​
  •       Seomraí Ranga​
  •       Stiúideo Damhsa
  •       2 Halla Ilchuspóra Mhóra, Toilleadh 300 duine an ceann​
  •       Wi-fi agus TV Ilchainéil do Mhúinteoirí​
  •       Tolglann ina bhfuil áiseanna tae agus caife do mhúinteoirí​
  •       Seomra Cluichí Idirghníomhacha​
  •       Páirceanna Imeartha

CNB.ie:
Related Post