X
Óg Chlubanna Oscailte Arís
Cumann na bhFiann – Gréasán Óg-Chlubanna Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír. Eagraítear Óg-Chlubanna Gaeilge seachtainiúla, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag…
Turas na n-Óg 2025
Reáchtálfar Turas na nÓg chuig Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí Co. na Mí ar an Satharn 22/03/2025, 11am - 3pm, Táille: €25 . Cuirfear fáilte roimh bhaill reatha na gclubanna óige (Aois 10-14) chuig an ócáid. Cuirfear busanna ar fáil ó na háiteanna seo a leanas ach dóthain éilimh a bheith orthu: - Ráth…
Múinteoirí 2025
Folúntas do Mhúinteoirí Bunscoile agus do Mhúinteoirí Meánscoile ar chúrsaí Samhraidh Gaeilge! An bhfuil spéis agat obair ar fhoireann spreagúil, bhríomhar, atá paiseanta faoin nGaeilge? Tar ag obair le Coláiste na bhFiann! Níl ort ach an fhoirm thíos a líonadh le do spéis a léiriú! …

Cruinniú eolais

Cruinniú eolais

Buaileann Coláiste na bhFiann le gach dalta agus lena thuismitheoir/chaomhnóir sula bhfreastalaíonn siad ar chúrsa. Is am ríthábhachtach an t-am a chaitear ag an gcéim seo mar chinntítear leis go mbíonn an duine óg agus an tuismitheoir araon sásta lena rogha cúrsa. Is réamhriachtanas é freastal ar an gcruinniú seo roimh fhreastal ar chúrsa le Coláiste na bhFiann agus ní mór freastal air le haghaidh na tréimhse iomláine.

Seo a leanas príomhghnéithe an tráthnóna faisnéise:
  • Measúnú ar leibhéal na Gaeilge atá ag an duine óg. Baintear é sin amach trí chomhrá neamhfhoirmeálta leis an dalta nuair a chuireann ball foirne ceisteanna air maidir lena theaghlach, a scoil, a chaithimh aimsire, srl. Iarrtar air freisin aithris a dhéanamh ar Amhrán na bhFiann.
  • Tugann an t-éascaitheoir caint ghairid ina leagtar béim ar ghnéithe tábhachtacha den chúrsa
  • Bíonn deis ag an tuismitheoir agus ag an dalta araon labhairt le ball foirne duine le duine maidir le conas ar éirigh leis an dalta. Spreagtar tuismitheoirí agus daltaí chun ceisteanna a chur ar bhall foirne agus aon ábhair imní atá acu a lua. Iarrtar ar thuismitheoirí ag an gcéim seo aon saincheisteanna pearsanta, cothaithe nó míochaine atá ag an duine óg a sholáthar ionas go mbíonn an eagraíocht go hiomlán ar an eolas agus ionas gur féidir léi an cúram is fearr agus is féidir a sholáthar don leanbh le linn dó bheith ar chúrsa linn.
  • Cuirfear aisíoc iomlán ar fáil (lúide táille riaracháin €20) suas go 7 lá i ndiaidh an chruinniú eolas faoi na coinníollach thíos:
    • Sa chás nach measann an measúnóir go mbeidh sé de chumas ag an dalta freastal ar an gcúrsa
    • Sa chás go ndéanann an tuismitheoir cinneadh gan leanúint ar aghaidh sa phróiseas, ar fáth ar bith.

 

CNB.ie:
Related Post