X
Óg Chlubanna Oscailte Arís
Cumann na bhFiann – Gréasán Óg-Chlubanna Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír. Eagraítear Óg-Chlubanna Gaeilge seachtainiúla, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag…
Turas na n-Óg 2025
Reáchtálfar Turas na nÓg chuig Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí Co. na Mí ar an Satharn 22/03/2025, 11am - 3pm, Táille: €25 . Cuirfear fáilte roimh bhaill reatha na gclubanna óige (Aois 10-14) chuig an ócáid. Cuirfear busanna ar fáil ó na háiteanna seo a leanas ach dóthain éilimh a bheith orthu: - Ráth…
Múinteoirí 2025
Folúntas do Mhúinteoirí Bunscoile agus do Mhúinteoirí Meánscoile ar chúrsaí Samhraidh Gaeilge! An bhfuil spéis agat obair ar fhoireann spreagúil, bhríomhar, atá paiseanta faoin nGaeilge? Tar ag obair le Coláiste na bhFiann! Níl ort ach an fhoirm thíos a líonadh le do spéis a léiriú! …

Cúrsa don Ardteistiméireacht

Tá an cúrsa seo fócasaithe go sainiúil ar churaclam Gaeilge na hArdteistiméireachta, agus béim ar leith ar an scrúdú béil. Tar éis dóibh cúrsa ar bith dár gcuid don Ardteistiméireacht a chríochnú, faigheann rannpháirtithe leabhrán ina bhfuil ábhar an chúrsa, measúnú saineolaíoch agus measúnacht maidir le réimsí ar a dteastaíonn a thuilleadh staidéir agus athbhreithnithe. Áirítear leis an gcúrsa bréagscrúdú béil mar aon le haiseolas mionsonraithe.

2025

Cathain: 10r.n. – 5i.n. Dé Sathairn, 29 Márta 2025

Cén áit: Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí A85 K221

Ag clúdú: Dian rang Gramadaí, An Bhéaltriail, Léamh na Filíochta, Sraith Pictiúr, Béaltriail bhréige agus Aiseolas (Oiriúnach don 5ú & 6ú bliain)

Costas: €140 – Cúrsa go hiomlán trí mheán na Gaeilge, leabhrán eolais, sólaistí agus lón san áireamh.

Cláraigh inniu – spásanna teoranta!

 

CNB.ie:
Related Post