Tá Cumann na bhFiann tar éis tabhairt faoi acmhainn nua a réiteach dóibh siúd atá ag plé le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge. Ar ndóigh, cuirfidh daoine, ar mian leo plé le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge, spéis sa lámhleabhar seo freisin. Tá an t-uafás eolas ábhartha i ‘Lámhleabhar an Oibrí Óige’ faoina mbaineann le cosaint leanaí, dea chleachtais in obair óige, árachas, poiblíocht, traenáil agus pleanáil. Leagtar béim faoi leith ann, freisin, ar ghníomhaíochtaí oiriúnacha do dhaoine óga.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cumann na bhFiann ag [email protected] más mian leat cóip den lámhleabhar a ordú!