X
Óg Chlubanna Oscailte Arís
Cumann na bhFiann – Gréasán Óg-Chlubanna Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír. Eagraítear Óg-Chlubanna Gaeilge seachtainiúla, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag…
Turas na n-Óg 2025
Reáchtálfar Turas na nÓg chuig Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí Co. na Mí ar an Satharn 22/03/2025, 11am - 3pm, Táille: €25 . Cuirfear fáilte roimh bhaill reatha na gclubanna óige (Aois 10-14) chuig an ócáid. Cuirfear busanna ar fáil ó na háiteanna seo a leanas ach dóthain éilimh a bheith orthu: - Ráth…
Múinteoirí 2025
Folúntas do Mhúinteoirí Bunscoile agus do Mhúinteoirí Meánscoile ar chúrsaí Samhraidh Gaeilge! An bhfuil spéis agat obair ar fhoireann spreagúil, bhríomhar, atá paiseanta faoin nGaeilge? Tar ag obair le Coláiste na bhFiann! Níl ort ach an fhoirm thíos a líonadh le do spéis a léiriú! …

Foirm Léiriú Spéise i ról mar Oibrí Óige Deonach

Mar thoradh ar an bhfás mór san earnáil óige le blianta beaga anuas, tá Cumann na bhFiann ag tabhairt faoi bhunachar d’Oibrithe Óige Deonacha a thiomsú chun freastal ar an éileamh agus an fás leanúnach san earnáil seo. Tá go leor deiseanna ar fáil do dhaoine gur mian leo a bheith ag plé le hÓg Chlubanna agus Imeachtaí ar fud an oileáin le heagraíochtaí ar nós Cumann na bhFiann, Spleodar, Ógras, Feachtas, Fóram na nÓg, Óige na Gaeltachta agus Grúpaí Pobail. Má tá spéis agat a bheith gníomhach san obair thaitneamhach seo, ní gá ach an fhoirm thíos a líonadh. Beidh do shonraí ansin curtha ar fáil d’Eagraíochtaí Óige atá lonnaithe i do cheantar, agus is iad a dhéanfaidh teagmháil leat ansin.

Léiriú Spéise i ról mar Oibrí Óige Deonach

Categories: Faoi Nuacht
Barra Mac Thiarnáin:
Related Post