Promotional offer for those attending the BTYS in the RDS 08-11/01/2025.
Please fill out the form below with your email address (Parents email for those U18) to receive a €100 voucher off attending one of Coláiste na bhFiann's Summer Gaeltacht courses.
…
Carnabhal na nGaelscoileanna;
Is turas scoile é Carnabhal na nGaelscoileanna, do pháistí Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Tugann Carnabhal na nGaelscoileanna deis do dhaltaí scoile, bualadh le daltaí ó Ghaelscoileanna eile ar thuras a eagraítear go hiomlán tré mhéan na Gaeilge. Is deis iontach í seo, labhairt na Gaeilge a normalú do bhur ndaltaí, lasmuigh den…
Scléip na hÓige
Turas do dhéagóirí lár théarma
Is turas 2 oíche é Scléip na hÓige, dírithe ar an aoisghrúpa 14-18. Beidh sé ar siúl in Ionad Eachtraíochta an Baile Theas, Mala, Co. Corcaigh i mbliana le linn an briseadh meán téarma (29-31/10/2024). Is deis iontach é líofacht a choimeád sa Ghaeilge trí páirt a ghlacadh…
Cad atá clúdaithe i dtáille an chúrsa? Clúdaíonn táille an chúrsa cóiríocht, maoirseacht, béilí, teagasc agus gníomhaíochtaí laethúla.
Cathain ar chóir dom iarratas a dhéanamh don chéad shamhradh eile? Cláraítear na hiarratais ar bhonn dáta. Molaimid go láidir gur chóir do gach tuismitheoir iarratas a mhic / a iníne a dhéanamh ar líne chomh luath agus is féidir agus gan fanacht ar chairde.
An bhfuil cúrsaí Coláiste na bhFiann á reáchtáil i gcoláistí cónaithe nó i dtithe le Bean an Tí i gceantar Gaeltachta? Cuireann Coláiste na bhFiann cúrsaí ar fáil i gcoláiste cónaithe agus i dtithe le Bean an Tí i gceantair Ghaeltachta. Coláiste Cónaithe: Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co na Mí. Coláistí Gaeltachta: Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, agus Ros Muc, Co. na Gaillimhe.
Cé mhéad d’éarlais ata ann? €300
Cad é na rialacha i ndáil le labhairt an Bhéarla? Má labhrann dalta Béarla de thimpiste, tabharfar rabhadh dó/di. Má tharlaíonn seo arís, cuirfear tuismitheoirí/caomhnóirí ar an eolas agus iarrfar orthu labhairt leis an dalta. Má labhrann an dalta Béarla arís ní bheidh de rogha againn ach é/í a chur abhaile. Ní cheadofar d’aon duine a bheith ag labhairt i mBéarla d’aon ghnó ar chor ar bith áfach agus má bheirtear ar dhalta ag labhairt i mBéarla d’aon ghnó beidh air/uirthi dul abhaile gan rabhadh agus ní aisíocfar aon airgead. (Forfheidhmítear na rialacha seo ón tráth a shroicheann an dalta an coláiste don chúrsa)
Cad atá i gceist leis an gcruinniú eolais? Sula dtéann páiste ar bith ar chúrsa Coláiste na bhFiann, ní mór dóibh, in éineacht le tuismitheoir amháin ar a laghad, freastal ar sheisiúin eolais. Is gá freastal ar an gcruinniú seo don tréimhse ina iomláine. Tugtar deis caighdeán Gaeilge na bpáistí a mheas agus bualadh le gach páiste agus tuismitheoir roimh dhul ar chúrsa. Déantar cur i láthair don ghrúpa, a thugann léargas ar chúrsa Coláiste na bhFiann, agus a chuimsíonn gach gné dár gcúrsaí. Freagraítear aon cheist agus pléitear aon riachtanais phearsanta cothaithe/leighis srl. Tá sé riachtanach freastal ar an gcruinniú eolais sin. Is gá Amhrán na bhFiann a fhoghlaim de ghlanmheabhair don chúrsa.
Cad é an chéad chéim eile mura n-éiríonn leo ag an gcruinniú eolais? Tugtar deis do gach páiste é a athdhéanamh. Déanfaidh an oifig teagmháil chun seo a shocrú.
Cathain a bhíonn fuílleach na táille le híoc? Bíonn fuílleach an táille le híoc do gach páiste i ndiaidh freastal ar an gcruinniú eolais (7 lá). Rachaidh nóta amach i mí Feabhra ag lorg fuílleach an táille chucu siúd nach bhfuil orthu freastal ar an gcruinniú eolais. Is gá fuílleach an táille a íoc roimh an 21 Feabhra 2025.
Tá mo pháiste ar liosta feithimh ar chúrsa. An gá dom an táille ina iomláine a íoc? Ní íocann na páistí ar liostaí feithimh táille, toisc nach bhfuil áit ar chúrsa acu. Má tá an dalta ar liosta feithimh, ní gá aon airgead a íoc go dtí go bhfaightear áit cinnte ar an gcúrsa. Níl aon chinnteacht faoi seo. Aisíoctar éarlais iomlán do dhaltaí nach dtagann áit chun cinn dóibh.
An eagraíonn Coláiste na bhFiann taisteal chuig na cúrsaí? Ní eagraíonn.
Tá seans ann go mbeidh cluichí peile/imeachtaí spóirt ag mo pháiste le linn an chúrsa go gcaithfidh siad freastal orthu. An féidir é seo a dhéanamh? Bíonn an cúrsa á reáchtáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus, mar sin, tá sé tábhachtach go bhfuil na páistí in ann freastal ar an gcúrsa ina iomláine. Is gá iarratais a dhéanamh leis an oifig má bhíonn ceist faoin gcúrsa a fhágáil, ar chúis ar bith.
Ba mhaith le m’iníon agus a cairde a bheith sa teach le chéile? An féidir é seo a eagrú? Tá sé mar pholasaí gan cairde ná baill teaghlaigh a chur le chéile mar gheall ar nádúr tumoideachais iomlán an chúrsa. Ní féidir nósanna saol a athrú thar oíche i dtéarmaí teanga. Má scartar páistí atá i dtaithí ar Bhéarla a labhairt le chéile is lú seans go mbeidh timpiste acu. Is féidir leis chur isteach ar dhaltaí atá ag freastal leo féin má tá grúpaí cairde le feiceáil ag freastal le chéile. Déanaimid ár ndícheall timpeallacht a chruthú a thugann deis do gach páiste aithne a chur ar a chéile laistigh den chéad 2-3 lá rud a chuirfidh deireadh leis an mbaol de ‘cliques’. Bíonn na daltaí ar fad in aon ionad amháin gach lá taobh amuigh den lóistín.
Cathain a sheoltar amach eolas faoin gcúrsa? Seoltar eolas chuig gach teaghlach 2 sheachtain roimh thús an chúrsa. Áirítear leis seo sonraí teagmhála an chúrsa, cad ba cheart a phacáil agus eolas úsáideach do thuismitheoirí agus a bpáistí ag freastal ar chúrsa.
An bhfuil earraí pearsanta na ndaltaí clúdaithe faoi árachais Choláiste na bhFiann? Rinneamar gach iarracht a chinntiú go bhfuil gach gné dár gcúrsa agus ár ngníomhaíochtaí clúdaithe i gceart ar an bpolasaí árachais. Ní féidir le Coláiste na bhFiann a bheith freagrach as earraí pearsanta na bpáistí agus ní féidir clúdach árachais a fháil i leith nithe den sórt sin m.sh. éadaí, earraí maisiúcháin, seodra, uirlisí ceoil, trealamh spóirt, srl. Ar chomhairle ár n-árachóirí, moltar go gcumhdaítear gach rud luachmhar a thógann na páistí leo ar an gcúrsa faoi alt ‘Gach Riosca’ ar árachas tí sa bhaile. Is iad na huirlisí ceoil agus trealamh spóirt na nithe is coitianta atá i gceist. Beidh gach páiste freagrach as a chuid earraí pearsanta féin agus molaimid go láidir nach dtugann siad na hearraí ar iasacht do dhaltaí eile. Mar sin is oth linn a rá nach féidir linn glacadh le freagracht as earraí a chailltear le linn an chúrsa.
An bhféadfadh mo mhac a fhón póca a úsáid sa tráthnóna? Tá polasaí neamhfhulaingt glan ag Coláiste na bhFiann maidir le fón póca pearsanta. Is féidir teagmháil a dhéanamh le do pháiste trí fhón póca an choláiste, más gá. Molaimid go láidir go bhfágfaí na fóin póca sa bhaile mar go mbeadh díbirt i gceist má tá siad ag an bpáiste ar an gcúrsa. Is ar mhaithe le sábháilteacht páiste atá an riail seo againn.
Cathain is féidir le mo pháiste scríobh abhaile? Cuirfidh gach páiste litir abhaile ar an gcéad Mháirt den chúrsa agus go rialta ina dhiaidh sin. Cuirtear iad seo ar fad sa phost ar an Máirt. Mura bhfaightear é faoin Déardaoin, is fearr teagmháil a dhéanamh leis an mBainisteoir. Tá litreacha an-tábhachtach do na páistí. Iarraimid go ndéanfaidh gach tuismitheoir iarracht litreacha a sheoladh chuig a gcuid páistí agus iad ar chúrsa linn.
Cathain is féidir liom cuairt a thabhairt ar mo pháiste? Bíonn am cuarta Dé Domhnaigh idir 2.30 – 4.30. Leanann gníomhaíochtaí an choláiste le linn an ama seo. Le bheith cothrom do gach páiste iarraimid ar gach tuismitheoir cloí leis na huaireanta seo.
An bhfuil seirbhís níocháin ar fáil? Le linn an chúrsa trí seachtaine, is féidir níocháin a sheoladh chuig an ionad níocháin áitiúil áit a bhfuil an costas bunaithe ar mheáchan. Má tá i gceist ag tuismitheoirí cuairt a thabhairt ar an Domhnach, molaimid go n-athrófaí éadaí glan agus salach ag an am seo. Níl aon seirbhís níocháin ar fáil ar an gcúrsa coicíse.
Cé hé an príomhphointe teagmhála agus mo pháiste ar an gcúrsa? Is é Bainisteoir an chúrsa nó duine ainmnithe eile an phríomhphointe teagmhála nuair atá do pháiste ar an gcúrsa. Gheobhaidh tú uimhir an chúrsa ar an gcéad lá. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Ardoifig, trí ríomhphost a sheoladh nó trí ghlaoch a chur, le linn uaireanta oifige (9.30 – 5.00 Luan go hAoine)
An mbíonn searmanas deiridh ann ar an gcúrsa? Bíonn searmanas deiridh ag gach cúrsa a léiríonn an obair a rinne na páistí le linn an chúrsa. Tá sé tábhachtach go bhfuil tuismitheoirí agus an teaghlach i láthair.
An dtugann Coláiste na bhFiann deiseanna an Ghaeilge a úsáid i rith na bliana? Tugann. Molann Coláiste na bhFiann go láidir go bhfreastalóidh gach páiste ar Chumann na bhFiann, líonra náisiúnta clubanna óige, a reáchtáiltear go seachtainiúil ó Mheán Fómhair go dtí an Cháisc. Trí fhreastal ar an líonra seo, tugann sé deis don pháiste an líofacht a ghnóthaigh siad ar na cúrsaí a choinneáil.
Cad iad na nithe a bhfuil cosc orthu ar an gcúrsa?
Leabhair/Foclóirí Béarla
Gairis teicneolaíochta/uaireadóir cliste
Fón póca
Aerasól
Díritheoir gruaige
Guma coganta
Ceamara digiteach
Alcól
Toitíní/Galtoitíní
Lastóirí
Drugaí
Gach earra eile atá in aghaidh an dlí
Cad ba chóir do dhaltaí a thabhairt leo?
Cóta báistí
Uachtar gréine
Culaith mhaith éadaí amháin agus a dhóthain éadaí do thréimhse an chúrsa (Ainm an dalta as Gaeilge orthu)
Pé gléas ceoil a sheinneann sé/sí
Buidéal in-athúsáidte d’uisce
Pé fearais/éadaí spóirt a úsáideann sé/sí – go háirithe culaith snámha, caipín snámha, bróga reatha agus flip fleap
Roinnt clúdach le seoladh baile (as Gaeilge) agus stampaí orthu
Éadaí leapa nó mála codlata chomh maith le piliúr agus braillín