X
Óg Chlubanna Oscailte Arís
Cumann na bhFiann – Gréasán Óg-Chlubanna Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír. Eagraítear Óg-Chlubanna Gaeilge seachtainiúla, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag…
Cúrsaí Samhraidh 2025 – Ag glacadh le hiarratais anois!
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil clárúcháin do Chúrsaí Samhraidh 2025 ar oscailt anois! Is féidir gach eolas a fháil ag an nasc thíos. Iarrfar ort ainm úsáideora agus pasfhocal a chruthú, mura bhfuil cuntas agat cheana féin. Beidh an cuntas céanna agat d'aon gnó a bheidh agat linn as seo amach, áit gur…
Tóstal na bhFiann 2024
  Tá an fhoirm iarratais don Tóstal anois dúnta. Is féidir fiosrú faoi aon spásanna atá fágtha ar bhusanna trí ríomhphost a sheoladh chuig clubanna@cnb.ie

Cúrsaí Samhraidh 2025 – Ag glacadh le hiarratais anois!

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil clárúcháin do Chúrsaí Samhraidh 2025 ar oscailt anois! Is féidir gach eolas a fháil ag an nasc thíos.

Iarrfar ort ainm úsáideora agus pasfhocal a chruthú, mura bhfuil cuntas agat cheana féin. Beidh an cuntas céanna agat d’aon gnó a bheidh agat linn as seo amach, áit gur féidir leat athruithe a dhéanamh, táillí a íoc, nó seirbhísí eile a chur in áirithe.

Má tá aon deacracht agat, ná bíodh aon mhoill ort dul i dteagmháil linn san oifig (eolas@cnb.ie nó 01 8259342) agus is féidir linn cuidiú leat dul tríd an bpróiseas.

 

Michelle Ni Ghiallain:
Related Post