X
Óg Chlubanna Oscailte Arís
Cumann na bhFiann – Gréasán Óg-Chlubanna Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír. Eagraítear Óg-Chlubanna Gaeilge seachtainiúla, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag…
Turas na n-Óg 2025
Reáchtálfar Turas na nÓg chuig Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí Co. na Mí ar an Satharn 22/03/2025, 11am - 3pm, Táille: €25 . Cuirfear fáilte roimh bhaill reatha na gclubanna óige (Aois 10-14) chuig an ócáid. Cuirfear busanna ar fáil ó na háiteanna seo a leanas ach dóthain éilimh a bheith orthu: - Ráth…
Múinteoirí 2025
Folúntas do Mhúinteoirí Bunscoile agus do Mhúinteoirí Meánscoile ar chúrsaí Samhraidh Gaeilge! An bhfuil spéis agat obair ar fhoireann spreagúil, bhríomhar, atá paiseanta faoin nGaeilge? Tar ag obair le Coláiste na bhFiann! Níl ort ach an fhoirm thíos a líonadh le do spéis a léiriú! …

Cúrsaí Samhraidh 2024 – Ag glacadh le hiarratais anois!

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil clárúcháin do Chúrsaí Samhraidh 2024 ar oscailt anois! Is féidir gach eolas a fháil ag an nasc thíos.

Iarrfar ort ainm úsáideora agus pasfhocal a chruthú, mura bhfuil cuntas agat cheana féin. Beidh an cuntas céanna agat d’aon gnó a bheidh agat linn as seo amach, áit gur féidir leat athruithe a dhéanamh, táillí a íoc, nó seirbhísí eile a chur in áirithe.

Má tá aon deacracht agat, ná bíodh aon mhoill ort dul i dteagmháil linn san oifig (eolas@cnb.ie nó 01 8259342) agus is féidir linn cuidiú leat dul tríd an bpróiseas.

Barra Mac Thiarnáin:
Related Post