Cumann na bhFiann
Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír. Eagraítear Óg-Chlubanna Gaeilge seachtainiúla, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag leibhéal sóisialta. Is é an toradh ar seo ná go mbíonn cairde nua le Gaeilge sa cheantar agus ar fud na tíre ag na daoine óga.
Roinnt cúiseanna maithe le freastal ar Chumann na bhFiann
- Maoirseacht shármhaith
- Clubanna arna n-eagrú i dtimpeallacht shábháilte
- Raon leathan de ghníomhaíochtaí
- Foireann thiomanta ag a bhfuil tiomantas dár mbaill
- Córas cinnireachta trína ndéantar mic léinn a spreagadh freagrachtaí a ghlacadh
- Deis chun an Ghaeilge a labhairt ar bhonn rialta
Cláraigh le hIrisleabhar CNB.ie
Le do thoil líon isteach do sheoladh ríomhphoist chun clárú leis an Irisleabhar.