Áiseanna
Is cúis bróid d’Ionad Óige na hÉireann an raon leathan áiseanna atá ar fáil lena n-áirítear cóiríocht do 160 daoine, proinnteach (suíocháin do 200), halla spóirt, seomraí ranga, dhá léachtlann lánfheistithe (suíocháin do 300), cúirt chispheile de mhéid idirnáisiúnta, cúirt scuaise, cúirt liathróid láimhe, stiúideo damhsa, tolglann na múinteoirí agus limistéir spóirt lasmuigh.
Ionad Óige na hÉireann
Ár bhFoireann
Foireann a chothaíonn grá don Ghaeilge
Maoirseacht shármhaith
Foireann thiomanta, dílis ag a bhfuil seantaithí acu ar an obair agus a thuigeann ár modhanna & ár bhfealsúnacht
Tugtar aird ar gach riachtanas speisialta – cothaithe, míochaine, pearsanta, srl
Ionad Óige na hÉireann is an all – Irish center for young people. The centre’s range of resources gives young people the opportunity to use their Irish in a natural social setting through participation in a wide range of activities. The facilities and the wide range of activities available at the centre give young people…
Cumann na bhFiann – Gréasán Óg-Chlubanna
Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír. Eagraítear Óg-Chlubanna Gaeilge seachtainiúla, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag…