An bhfuil suim agat, nó ag do mhac/iníon a bheith mar Chinnire ar Chúrsa Samhraidh le Coláiste na bhFiann i 2025?
Le tuilleadh eolais a fháil, ní gá ach an bhfoirm thíos a líonadh.
…
Ionad Óige na hÉireann
Tá Cumann na bhFiann ag cur le foireann pháirtaimseartha na heagraíochta faoi láthair. Má tá spéis agat cabhrú leis an Óg Chlub i do cheantar, Clubanna Fíorúla ar líne a reáchtáil, agus/nó cabhrú ag imeachtaí éagsúla ar fud an oileáin, ní gá ach an fhoirm léiriú spéise thíos a líonadh.
Físeán eolais faoin ról mar…
Tá Cumann na bhFiann tar éis tabhairt faoi acmhainn nua a réiteach dóibh siúd atá ag plé le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge. Ar ndóigh, cuirfidh daoine, ar mian leo plé le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge, spéis sa lámhleabhar seo freisin. Tá an t-uafás eolas ábhartha i ‘Lámhleabhar an Oibrí Óige’ faoina mbaineann le cosaint…
Tá Cumann na bhFiann ag oscailt a Ógchlubanna Gaeilge seachtainiúla i hallaí ar fud na tíre arís ón 26 Meán Fómhair 2022. Tá na clubanna seo dírithe ar an aoisghrúpa 10-13, agus 13-18.
Má tá aon cheisteanna agat faoi chlubanna Cumann na bhFiann, ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn ag [email protected]
Carnabhal na nGaelscoileanna;
Is turas scoile é Carnabhal na nGaelscoileanna, do pháistí Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Tugann Carnabhal na nGaelscoileanna deis do dhaltaí scoile, bualadh le daltaí ó Ghaelscoileanna eile ar thuras a eagraítear go hiomlán tré mhéan na Gaeilge. Is deis iontach í seo, labhairt na Gaeilge a normalú do bhur ndaltaí, lasmuigh den…
D’fhreastail beagnach 80,000 dalta ar chúrsaí Choláiste na bhFiann ón gcéad chúrsa i Ros Muc i 1968. Bhain glúnta de theaghlaigh agus de chairde tairbhe as cúrsaí Choláiste na bhFiann, ó thaobh na teanga de agus ar bhonn sóisialta araon, trí líonraí cairde a chruthú ar fud na tíre i ngach gné den saol.
Coinnigh suas…
Tá saibhreas taithí gnóthaithe ag Coláiste na bhFiann thar 50 bliana agus é ag reáchtáil Cúrsaí Samhraidh na Gaeilge. Anois tá an taithí luachmhar seo, i dtéarmaí forbartha acadúla agus sóisialta araon, á húsáid agus á saincheapadh go sainiúil chun roinnt pacáistí de thurais scoile a thairiscint.
Agus forbairt á déanamh ar an stór focal…
Turais Scoile
Ag Ionad Óige na hÉireann is í ár n-aidhm timpeallacht a chruthú do dhaoine óga chun an Ghaeilge a chomhtháthú lena saol ar bhealach nádúrtha, lasmuigh de struchtúr na scoile agus ar an mbealach sin an Ghaeilge a dhéanamh ina fíortheanga bheo. Reachtáiltear na gníomhaíochtaí uile san ionad trí mheán na Gaeilge ar feadh…
Áiseanna
Is cúis bróid d’Ionad Óige na hÉireann an raon leathan áiseanna atá ar fáil lena n-áirítear cóiríocht do 160 daoine, proinnteach (suíocháin do 200), halla spóirt, seomraí ranga, dhá léachtlann lánfheistithe (suíocháin do 300), cúirt chispheile de mhéid idirnáisiúnta, cúirt scuaise, cúirt liathróid láimhe, stiúideo damhsa, tolglann na múinteoirí agus limistéir spóirt lasmuigh.
Ár bhFoireann
Foireann a chothaíonn grá don Ghaeilge
Maoirseacht shármhaith
Foireann thiomanta, dílis ag a bhfuil seantaithí acu ar an obair agus a thuigeann ár modhanna & ár bhfealsúnacht
Tugtar aird ar gach riachtanas speisialta – cothaithe, míochaine, pearsanta, srl