Tá Cumann na bhFiann tar éis tabhairt faoi acmhainn nua a réiteach dóibh siúd atá ag plé le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge. Ar ndóigh, cuirfidh daoine, ar mian leo plé le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge, spéis sa lámhleabhar seo freisin. Tá an t-uafás eolas ábhartha i ‘Lámhleabhar an Oibrí Óige’ faoina mbaineann le cosaint…
Eolas Réamh-Chúrsa
Tá Cumann na bhFiann ag oscailt a Ógchlubanna Gaeilge seachtainiúla i hallaí ar fud na tíre arís ón 26 Meán Fómhair 2022. Tá na clubanna seo dírithe ar an aoisghrúpa 10-13, agus 13-18.
Má tá aon cheisteanna agat faoi chlubanna Cumann na bhFiann, ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn ag [email protected]
Cumann na bhFiann – Gréasán Óg-Chlubanna
Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír. Eagraítear Óg-Chlubanna Gaeilge seachtainiúla, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag…
Cruinniú eolais
Buaileann Coláiste na bhFiann le gach dalta agus lena thuismitheoir/chaomhnóir sula bhfreastalaíonn siad ar chúrsa. Is am ríthábhachtach an t-am a chaitear ag an gcéim seo mar chinntítear leis go mbíonn an duine óg agus an tuismitheoir araon sásta lena rogha cúrsa. Is réamhriachtanas é freastal ar an gcruinniú seo roimh fhreastal ar…