Tá an fhoirm iarratais don Tóstal anois dúnta. Is féidir fiosrú faoi aon spásanna atá fágtha ar bhusanna trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]
Eolas Réamh-Chúrsa
Tá cúrsa Ullmhúchán don Ardteistiméireacht ar ais i nDroim rí i mbliana ag díriú ar an mBéaltriail agus Cluastuiscint.
Cathain: 10r.n. - 5i.n. Dé Sathairn, 29 Márta 2025
Cén áit: Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí A85 K221
Ag clúdú: Dian rang Gramadaí, An Bhéaltriail, Léamh na Filíochta, Sraith Pictiúr, Béaltriail bhréige agus Aiseolas (Oiriúnach…
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil clárúcháin do Chúrsaí Samhraidh 2024 ar oscailt anois! Is féidir gach eolas a fháil ag an nasc thíos.
Iarrfar ort ainm úsáideora agus pasfhocal a chruthú, mura bhfuil cuntas agat cheana féin. Beidh an cuntas céanna agat d'aon gnó a bheidh agat linn as seo amach, áit gur…
Teacht le chéile oifigiúil agus lá spraoi atá i gceist le Tóstal na bhFiann. Ar an lá bíonn ceiliúradh mór ar an méid atá bainte amach i rith an tsamhraidh. Chomh maith leis sin déantar seoladh oifigiúil ar imeachtaí an gheimhridh de chuid Chumann na bhFiann. Tugann sé deis do dhaoine óga bualadh lena gcairde…
Reáchtálfar Turas na nÓg chuig Feirm Causey i nGreallaigh, Co. na Mí ar an Satharn 23/03/2024. Cuirfear fáilte roimh bhaill reatha na gclubanna óige (Aois 10-14) chuig an ócáid. Is é an costas €23 an páiste agus clúdaíonn seo an taisteal agus na himeachtaí go léir.
Cuirfear busanna ar fáil ó na háiteanna seo a leanas…
Beidh Scléip na hÓige ar ais ar siúl 1-4/11/2022 i Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí, A85 K221. Féach ar fís don imeacht seo ó 2019, an uair dheireanach go raibh sé ar siúl!! Chun tuilleadh eolais a fháil amach faoin turas seo, do dhéagóirí, ní gá ach do shonraí a líonadh…
An bhfuil suim agat, nó ag do mhac/iníon a bheith mar Chinnire ar Chúrsa Samhraidh le Coláiste na bhFiann i 2025?
Le tuilleadh eolais a fháil, ní gá ach an bhfoirm thíos a líonadh.
…
Tá Cumann na bhFiann ag cur le foireann pháirtaimseartha na heagraíochta faoi láthair. Má tá spéis agat cabhrú leis an Óg Chlub i do cheantar, Clubanna Fíorúla ar líne a reáchtáil, agus/nó cabhrú ag imeachtaí éagsúla ar fud an oileáin, ní gá ach an fhoirm léiriú spéise thíos a líonadh.
Físeán eolais faoin ról mar…
Tá Cumann na bhFiann tar éis tabhairt faoi acmhainn nua a réiteach dóibh siúd atá ag plé le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge. Ar ndóigh, cuirfidh daoine, ar mian leo plé le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge, spéis sa lámhleabhar seo freisin. Tá an t-uafás eolas ábhartha i ‘Lámhleabhar an Oibrí Óige’ faoina mbaineann le cosaint…
Tá Cumann na bhFiann ag oscailt a Ógchlubanna Gaeilge seachtainiúla i hallaí ar fud na tíre arís ón 26 Meán Fómhair 2022. Tá na clubanna seo dírithe ar an aoisghrúpa 10-13, agus 13-18.
Má tá aon cheisteanna agat faoi chlubanna Cumann na bhFiann, ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn ag [email protected]