Tá Cumann na bhFiann tar éis tabhairt faoi acmhainn nua a réiteach dóibh siúd atá ag plé le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge. Ar ndóigh, cuirfidh daoine, ar mian leo plé le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge, spéis sa lámhleabhar seo freisin. Tá an t-uafás eolas ábhartha i ‘Lámhleabhar an Oibrí Óige’ faoina mbaineann le cosaint…
Cursaí Séasúrach
Tá Cumann na bhFiann ag oscailt a Ógchlubanna Gaeilge seachtainiúla i hallaí ar fud na tíre arís ón 26 Meán Fómhair 2022. Tá na clubanna seo dírithe ar an aoisghrúpa 10-13, agus 13-18.
Má tá aon cheisteanna agat faoi chlubanna Cumann na bhFiann, ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn ag [email protected]
Carnabhal na nGaelscoileanna
Is turas scoile é Carnabhal na nGaelscoileanna, do pháistí Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Tugann Carnabhal na nGaelscoileanna deis do dhaltaí scoile, bualadh le daltaí ó Ghaelscoileanna eile ar thuras a eagraítear go hiomlán tré mhéan na Gaeilge. Is deis iontach í seo, labhairt na Gaeilge a normalú do bhur ndaltaí, lasmuigh den…
Beidh Clubanna Chumann na bhFiann ar ais ar líne ó Máirt 25ú Eanáir.
Chun spás dod' páiste a chlárú ní gá ach an bhfoirm thíos a líonadh.
Cumann na bhFiann – Gréasán Óg-Chlubanna
Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír. Eagraítear Óg-Chlubanna Gaeilge seachtainiúla, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag…
Tá an cúrsa seo fócasaithe go sainiúil ar churaclam Gaeilge na hArdteistiméireachta, agus béim ar leith ar an scrúdú béil. Tar éis dóibh cúrsa ar bith dár gcuid don Ardteistiméireacht a chríochnú, faigheann rannpháirtithe leabhrán ina bhfuil ábhar an chúrsa, measúnú saineolaíoch agus measúnacht maidir le réimsí ar a dteastaíonn a thuilleadh staidéir agus athbhreithnithe.…