An tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír do dhaoine óga idir 10 - 18
Cumann na bhFiann
Gréasán Óg-Chlubanna
Cláraigh inniu - €40 sa bhliain
Eolas faoi Na Clubanna
Ag cur gníomhaíochtaí den scoth ar fáil chomh maith le Deiseanna do dhaoine óga bualadh le chéile agus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge
Cuireann Cumann na bhFiann, an tseirbhís óige Gaeilge uile-oileáin is mó sa tír, na nithe seo a leanas ar fáil:clubanna óige seachtainiúla trí mheán na Gaeilge; imeachtaí réigiúnda agus náisiúnta; tacaíocht dóibh siúd ar mhaith leo seirbhís óige a chur ar fáil ina gceantar féin. Tugann na seirbhísí seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú i suíomh sóisialta lasmuigh de thimpeallacht na scoile. Cuireann Cumann na bhFiann deiseanna ar fáil do dhaoine óga bualadh le chéile agus cairde a dhéanamh fud fad na tíre trí mheán na Gaeilge. Ar an gcaoi sin cothaítear grá don teanga sna daoine óga.
Faoi láthair tá níos mó ná triocha club againn agus beidh a thuilleadh fós sar i bhfad!
AIMSIGH an club is gaire duit
Ag tosú seachtain dár thús 22 Eanáir 2024
Ní leor club a thabhairt air
Is eispéireas cultúrtha é a líonfaidh do chroí le cuimhní a fhanfaidh leat go deo
Céard iad na buntáistí a bhaineann leis?
Cén fáth ar cheart duit ballraíocht a ghlacadh i gCumann na bhFiann?
- Deis do dhaoine óga an Ghaeilge a labhairt agus taitneamh a bhaint as an teanga.
- Feitheoireacht den scoth
- Eagrú na gclubanna i dtimpeallacht shábháilte
- Réimse leathan gníomhaíochtaí
- Foireann díograiseach atá tiomanta do na baill
- Córas ceannaireachta a mheallann daoine óga chun glacadh le freagrachtaí
- Deis an Ghaeilge a labhairt ar bhonn rialta
Eagraíonn Cumann na bhFiann Óg-Chlubanna éagsúla i hallaí áitiúla, ar fud an oileáin. Chomh maith leis sin eagraítear méid áirithe Clubanna Fíorúla (ar líne).
Cé dó na Clubanna?
Tá na Clubanna seo oscailte do dhaoine san aoisghrúpa 10-18 bl. d’aois.
Cathain a bhíonn siad ar siúl?
Bíonn na clubanna ar siúl gach seachtain ó Mheán Fómhair go dtí an Cháisc.
Cén aoisghrúpa a fhreastalaíonn ar na Clubanna?
Tá clubanna ar fáil do dhá aoisghrúpa éagsúil: ‘Óg’ dírithe ar pháistí bunscoile san aoisghrúpa 10-13, agus ‘Sean’ dírithe ar dhaltaí meánscoile san aoisghrúpa 13-18.
Cén costas atá ar na Clubanna?
Tá costas €40 ar bhallraíocht bhliantúil le Cumann na bhFiann. Clúdaíonn an costas seo freastal seachtainiúil ar Chlubanna Áitiúla, nó Clubanna Fíorúla, agus laghdú ar chostas na dturas i rith na bliana.
Conas is féidir liom áit a chur in áirithe sa Chlub áitiúil?
Cláraigh linn nó logáil isteach chun áit a chur in áirithe i do chlub áitiúil.