1. Tuigim go bhfuil an ceapachán ag brath ar fhreastal air agus cabhrú le himeachtaí Chumann na bhFiann. (Níl aon gheallúint go mbeidh post ann.)
2. Tuigim go bhfuil sé riachtanach go bhfreastalóidh mé ar an gCúrsa Ard Chinnireachta (14-16/02/2024).
3. Tuigim nach nach gcuirfear na ceapacháin amach go dtí mí an Mhárta 2024.
4. Tuigim nach bhfuil rogha ionad agam (Cúrsa A nó Cúrsa B) agus gur féidir go mbeidh athrú ar an gceapachán ag am ar bith, fiú tar éis tús an chúrsa más gá.
5. Tuigim gur faoi dhiscréid an Bhainisteora a bheidh sé na rialacha a leagan síos i dtaobh "amantaí dul a chodladh", "oícheanta amach", srl…
6. Duine ar bith a chuireann isteach ar Ard Chinnireacht caithfidh:
(a) an Ardteist a bheith déanta acu
nó
(b) taithí nó traenáil a bheith déanta aige/aici mar Chinnire Sinsireach agus an Ardteist a bheith á dhéanamh aige/aici i 2024.
Cuirim in iúl go dtuigim na coinníollacha thuasluaite agus go gcomhlíonaim coinníoll “6”.