X
Óg Chlubanna Oscailte Arís
Cumann na bhFiann – Gréasán Óg-Chlubanna Is é Cumann na bhFiann an tseirbhís óige Ghaeilge is mó sa tír. Eagraítear Óg-Chlubanna Gaeilge seachtainiúla, chomh maith le himeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta trí mheán na Gaeilge. Tugann seo deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag…
Turas na n-Óg 2025
Reáchtálfar Turas na nÓg chuig Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí Co. na Mí ar an Satharn 22/03/2025, 11am - 3pm, Táille: €25 . Cuirfear fáilte roimh bhaill reatha na gclubanna óige (Aois 10-14) chuig an ócáid. Cuirfear busanna ar fáil ó na háiteanna seo a leanas ach dóthain éilimh a bheith orthu: - Ráth…
Múinteoirí 2025
Folúntas do Mhúinteoirí Bunscoile agus do Mhúinteoirí Meánscoile ar chúrsaí Samhraidh Gaeilge! An bhfuil spéis agat obair ar fhoireann spreagúil, bhríomhar, atá paiseanta faoin nGaeilge? Tar ag obair le Coláiste na bhFiann! Níl ort ach an fhoirm thíos a líonadh le do spéis a léiriú! …

Scléip na hÓige

Gach bliain eagraíonn Chumann na bhFiann féile do dhéagóirí i rith an bhriseadh lár téarma, Scléip na hÓige. Tugann Scléip na hÓige deis do dhaoine óga bualadh le sean chairde, agus cairde nua, trí mheán na Gaeilge. Beidh imeachtaí de chuid Scléip na hÓige ar siúl in Ionad Óige na hÉireann, Droim Rí, Co..na Mí, A85 K221 i mbliana.  Cuirfear lóistín ar fáil anseo freisin.

Eolas do Thuismitheoirí/Chaomhnóirí

  • Tá costas €70 ar an turas.
  • Clúdaíonn an costas seo an lóistín, béiltí, agus costais iontrála ar imeachtaí Scléip na hÓige.
  • Caithfear do pháiste a chlárú ag an nasc anseo le freastal ar an dturas seo.

CLÁRAIGH ANSEO

Imeachtaí an Turas;

  • Ceolchoirm le Seo Linn
  • Turas lae chuig Páirc Tayto
  • Turas chuig Cnoc Teamhair, Caisleáin Throim, & siúlóid ar bhruach na Bóinne
  • Ceardlanna Boghdóireachta, Drumadóireacht, Teicneolaíochta & Ióga, Sóirb ar an Uisce, agus Trampailín Bhuinsí.
  • Turas chuig Rath Chairn – Oíche chultúr & Céilí

Molaimid go láidir go bhfágtar rudaí luachmhara pearsanta sa bhaile.

Barra Mac Thiarnáin:
Related Post